Irish

Cén fáth Lá domhanda an chuimhneacháin ?

Cuimhnítear ar lá domhanda an chuimhneacháin d’íospartaigh bóthair ar fud na cruinne ar an tríú domhnach i Samhain gach uile bhliain.Tiomnaítear an ‘Lá’ seo do chuimhne na milliún a fuair bás nó a gortaíodh i dtuairteanna bóthair agus a dteaghlaigh agus a bpobail. Fosta, tugtar ómós do na foirne éigeadála, do na póilíní agus do na saineolaithe leighis a bhíonn ag déileáil le hiarmhairt choscrach an bháis agus an ghortaithe ar na bóithre go laethúil.

Cén fáth a bhfuil gá leis an ‘Lá’ seo ?

Is eachtraí coscracha foréigneacha iad na timpistí bóthair agus suimítear na milliúin duine nua ó ghach cúinne an domhain do liosta na ndaoine gortaithe agus do mhuintir an mharbhánaigh gach uile bliain.

Is ollmhór an brón agus an ceas ar na daoine seo toisc go mbíonn cuid mhór de na híospartaigh ina n-óige agus síltear go bhféadfadh na timpistí bóthair a sheachaint sa chéad áit.

Fosta, meastar go bhfuil neamhleor cuidiú ar fáil do na híospartaigh agus a dteaghlaigh agus Is minic go mbíonn an freagra neamhbháúil, neamhchásmhar agus neamhoiriúnach do chailliúint na beatha agus do cháilíocht na beatha.

Tá rún ag an lá cuimhneachaín seo chun aitheantas poiblí a thabhairt do na híospartaigh tuairte agus a gcailliúint agus a bhfulaingt.( feach teachtaireachtaí & smaointe d’íospartaigh )

Bíonn an ‘Lá’ seo anois an-tábhachtach do rialtais agus dóibh síúd go léir a oibríonn chun timpistí agus a n-iarmhairt a sheachaint.Fosta, tugtar deis chun iombualadh ollmhór na mbásanna agus na lot a léíriú agus an gá práinneach le gníomhú comhbheartaithe a chur i bhfeidhm chun an t-ár a stopadh.

Stair an Lae

Bunaíodh an ‘Lá Domhanda’ sa bhliain 1995 faoi scáth cónaidhm Eorpach na n-íospartach tráchta, CEIT. Ar dtús, ba lá eorpach de chuimhneacháin é ach roimh i bhfad chuaigh eagraíochtaí neamhrialtais ón Afraic, an Airgintín agus Iosrael i bpáirt leis ‘an Lá Domhanda’.

Nasc le treoir ‘Lá Domhanda’:

http://www.whoint/violence_injury_prevention/road_traffic/activities/remembrance=day_handbook/en/index.html

Cuireann Eagraíocht Sláinte an Domhain (ESD) agus na Náisiúin Aontaithe ( NA) aitheantas domhanda chun cinn.

D’eagraigh ESD cruinníú sa bhliain 2003 le heagraíochtaí neamhrialtais, a thugann tacaíocht d’íospartaigh bóthair, chun aitheantas oifigiúil den ‘Lá Domhanda’ a phlé.

Tugadh tacaíocht don ‘Lá Domhanda’ sa tionól ginearálta de na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 2004 agus ar 26ú Deireadh Fómhair ghlac an tionól ginearálta rún 60/5 mar ‘ an t-aitheantas cuí a thabhairt d’íospartaigh bóthair agus a dteaghlaigh’. Spreagadh na ballstáit agus an pobal idirnáisiúnta chun aitheantas a thabhairt don ‘Lá’ seo. Nasc le suíomh gréasáin:

http:www.who.int/roadsafety/rememberance_day/en/index.html

Taispeánófar an chartlann an méadú ar líon na dtíortha ag tabhairt tacaíocht don ‘Lá’ gach uile bhliain agus beidh an t-eolas céanna ar an láithreán ‘facebook’ fosta ( nasc le leathanach baile).

Tacaíocht Oifigiúil

Tá tacaíocht don ‘Lá Domhanda’ curtha in iúl ag polaiteoirí ina lán tíortha cheana féin ar bhealaí éagsúla (feach Aitheantas Oifigiúil-parlaimintí & rialtais).

Fosta, sa bhliain 2011 glacadh rúin ar dhá mhór-roinn, Eoraip agus an Afraic, chun an ‘ Lá Domhanda’ a chomhlíonadh.Feach ar pharlaimint na hEorpa: pointe 12 ar

http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?pubRef=EP//TEXT+TA+P7-TA- 2011_0408+0+DOC+xmh+VO/EN 

agus comhdháil na nAirí iompair san Afraic: pointe 5,leathanach 5 ar

http://au.int/en/dp/ie/sites/default/files/AU-TPT-MIN-Decl-LUANDA-EN.pdf 

Feicfear dáiríreacht na rialtas ar fud an domhain do na rúin éagsúla seo agus cad a dhéantar chun timpistí bóthair a laghdú. Fosta, scrúdófar a ngníomhaíochtaí go dlúth araon le híospartaigh timpiste agus eagraíochtaí baint le sabháilteacht bóthair agus eagraíochtaí neamhrialtais eile.